School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0065
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seisean nach gcuirfeadh go bhfuigheadh sé an buidéal a cheannuigh seisean uaidh arais. Thug an riogh an buidéal dó. Chuir sé an corc ins an mbuidéal, agus chuaidh sé abhaile leis an dá bhuidéal. Bhí sé ag eirighe saidhbhir in a dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá cuinneog againn sa mbaile. Cuinneog a tugtar air. Rinneadh é cúig bliana ó shoin. Tá sé trí troighthe ar áirde. Tá sé troigh go leith ar leithead ar an bun, agus troigh agus ceithre orlaigh ar a bharr. An clár agus an loinithe is eadh úirlisí na cuinneóige. Déanann mo mháthair cuigeann ins an gcuinneóg. Má thagann duine isteach agus í ag déanamh na cuiginne d'oibreóchadh sé an loinithe ar feadh tamaill, deirtear muna dhéanfadh sé é sin ní thiocfadh an im ar an uachtar. Cuireann daoine gríosach dubh faoi'n gcuinneóg ar eagla go dtiubhradh aoine an t-im leis, ach níl annsin ach pisreog. Déanann mo mháthair cuigeann dhá uair sa t-seachtmhain sa Samhradh, ach ní dhéanann sí é ach uair amháin sa t-seachtmhain sa Geimhreadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbháill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Ceabháill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway