School: Eanach (An Mhainistir) (roll number 11675)

Location:
Annagh, Co. Galway
Teacher:
An Br. Mac Ualgairg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach (An Mhainistir)
  2. XML Page 0044
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainmhidthe Allta
    Tá ainmhidhe fiadháin ag dul tríd na coillte ins an gceanntar seo, ar nós an sionnach, an girrfiadh, an coinín, no pluise acú sa talamh agus cómhnuigheann siad ann agus beathuigheann siad a gclann ann.
    Déanann an sionnach díoghbháil mór san oidhche, mar, marbhuigheann sé cearca, lachain, uain beaga agus tugann sé abhaile leis iad, chun biadh a thabhairt dá gclann. Déirtear go bhfuil sé an glic freisin. Nuair a thagann sé inaice don gró na gcearc, tosnuigheann sé ag taifint agus tá fhios aige dá mbeadh madadh isan teach go dtosóchadh sé ag taifint freisin.
    Itheann an girrfhiadh agus an coinín, féar, gabaiste agus meachin. Tá an girrfhiadh indon rith níos fearr í n-ághaidh an cnuic ná leis an fánaidh mar tá a cosa tosuigh níos giorra ná na cosa deire. Deirtear go bhfuil léigheas san bainne a dfághas an firréad ina dhiadh gan é a blaiseadh.
    Ainmhidhthe beag is eadh an easóg timcheall comh mór le franncach, ach tá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Mheachair
    Gender
    Female
    Age
    70
    Address
    Ballinvoher, Co. Galway