School: Eanach (An Mhainistir) (roll number 11675)
- Location:
- Annagh, Co. Galway
- Teacher: An Br. Mac Ualgairg
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eanach (An Mhainistir)
- XML Page 0040
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Posaidhthe
Tar-éis an Nodlaig is mo a phósann na daoine. Pósann a lán aca ar Máirt na Hinide. Deartar gur mí rachmar an rud posadh ar dardaon nó ar dia h-Aoine agus freisin í mí bealtaine. Ar dtúis deantar cleamhnaistí agus tugtar airgead nó stoc nó earraide mar spré, agus socruidís lá an bposta.
Ins an sean aimsear déanaidís cleamhnaistí freisin agus nuair a bhídis pósta ar feadh bliadhna tugad cúpla spré dóbhtha. Bhíodh bainis acú tar-éis an posadh. Thiocadh na buachaillí tuighe isteach agus iad gléasta le punnanna tuighe agus iad cásta thart timcheall ortha ionnas nach mbeadh aithne ag na daoine ortha. Geibhidís rudaí le nithe agus le nól agus racaidís amach arís.
Ní bhíodh gluaisteán acú fadó agus rachaidís go dtí an seipéal ar capallaibh agus i gcairt. Deartar go mbeadh anis fearr ag an fear a sroichfead teach ina mbíodh an bainis i dtosach. (continues on next page)- Informant
- Bean Uí Mheachair
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ballinvoher, Co. Galway