School: Cúl Árann (Clochar)

Location:
Coolaran, Co. Galway
Teacher:
An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0020, Page 0143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0020, Page 0143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl Árann (Clochar)
  2. XML Page 0143
  3. XML “Cill Sceach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa t-sean aimsear bhí séipeal igCill Sgeach agus bhí crann in aice leis agus sin é an fáth go dtugtar Cill Sgeach air. Tá fothracha an t-seipeal ann fós agus an píosa adhmud in a raibh an cluigín crochta tá sé ann fós. Bhí Aifreann léigthe go minich ann níl fhios agam cén t-ainm a bhí ar an sagart.
    San am fadó bhí céad teach igCill Sgeach ar dhá chéad acra talmhan ach nuair a tháinig an droch-shaoghal chuir an mháistir amach iad agus d'imthigh na daoine ar fudh an domhain. Ní raibh ach dhá theach fágtha ann bhí sé na feilm mór annsin. Bhí margadh ann go minich le h-aghaidh cruithneaca, coirce, eanlacht. Bhí margadh ann le h-aghaidh 'chuile rud.
    Seo sgéal áta faoí. Bhí duine aca imBaile Atha Cliath agus chonnaich an maistir é agus dubharit sé cé túg tusa annseo a dhuine. Tug túsa annseo mé nuair a chuir tú amach as mo theach mé. Dubhairt sé níor chuir mé amach as an teach tú agus bhí fearg air annsin.

    Caitlín Ní Bhuadhcháin
    Cill Sgeach
    Túrloch Mór
    Baile Átha an Ríogh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Kilskeagh, Co. Galway
    Collector
    Caitlín Ní Buadhcháin
    Gender
    Female
    Address
    Kilskeagh, Co. Galway
    Informant
    Marbhuigeadh Ní Bhuadhcháin
    Gender
    Female
    Address
    Kilskeagh, Co. Galway