School: Cúl Árann (Clochar)
- Location:
- Coolaran, Co. Galway
- Teacher: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Árann (Clochar)
- XML Page 0090
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dhuine ar bith béarfaidhe Dia Domhnaigh ní feicfidh siad taidbhse go deo.
Bean tinncéara agus Bean táilliúra sin beirt nár réidthig ariamh lé chéile.
Tá sé ceart splannc ó'n teine a chur faoi'n gcuinneoig nuair a bhíos siad ag deanamh maistre.
Má thuitéann an tlú ar chúl na teinead béidh strainséar ag teacht.
Níl sé ceart an luaithreach a chúr amach nuair a bhíos an ghrian ag éirge.
Níl sé ceart a dhul ag an tobar agus lorg bainne ar an gcanna.
An dóras a thagas tú isteach is ceart dhul amach an doras céadna.
Níl sé ceart dhul i mún uisge san oidhche mar ní leat fhéin é.
Níl sé ceart an t-úisge a nígeadh na cosa a fhágáilt istigh san oidhche.
Má bhíonn cearc bán agus cearc dearg ag troid bheidh strainséar ag teacht.- Collector
- Caitlín Ní Bhuadhcháin
- Gender
- Female
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway
- Informant
- Marbhuigid Ní Bhuadhcháin
- Gender
- Female
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway