School: Cúl Chaonaig (Coolkenney) (roll number 14631)

Location:
Culkeeny, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Coigligh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1122, Page 378

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1122, Page 378

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl Chaonaig (Coolkenney)
  2. XML Page 378
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ag teacht anuas an chnoc tráthnóna amháin le bó agus chualaidh sé fidilí síos ins an créigh.
    Thoisigh sé ag dhamhsa ar an ród. Tháinig na daoine béaga amach agus thug siad isteach ins an créig é. Chuir siad ag damhsa as ag gabhail ceoil, ceól siad agus damhsaigh siad leis.
    Bhí crúit air. Nuair a bhí sé ag teacht amach rug sidheóg amháin air agus chaith sí d'on tshideoigh le na taobh é. Rinne na sideogaí uilig mar a gcéad -na go dtí go rabh sé ag oscailt an dorais. Chaith an tsideóg deireanach an cruith ar thaobh an tighe agus chuaidh an fear annsin abhaile.
    Bhí fear eile ins an bhaille ages bhí cruith air fosta. Fuair na sideogaí ag an chréig é fosta .Thug siad isteach san créig é.
    Chuir siad a damhsa é acht cá dthiócfadh leis damhsa a deanamh nó a bheith ag gabhail a ceoil. Nuair a bí sé ag faghail na créige in áit an cruith a chaillead chuir na sidheogaí cruit an fir eile air. Bhí dhá chruith air annsin. Bhí sé cromtha go leor annsin.
    Fuair mé; Róise Ní Dhocharthaigh Baile Saile Malainn an Sgéal seo ó Dhabhidh Ó Dhochartaigh as Mallainn
    (Heard it from his father who is dead over 50 years)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Ballysallagh, Co. Donegal
    Informant
    Dabhidh Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Ballysallagh, Co. Donegal