School: Cluain le Fán (roll number 12817)

Location:
Cloonliffen, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Callaráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain le Fán
  2. XML Page 218
  3. XML “An Fear ag Siúl”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amhain, agus do cheannuigh sé culaith nuadh éadaigh do féin. Chuir sé an culaith nuadh air, agus bhí sé ag féachaint an dheas. Shil sé nach raibh cailín, no buachaill, no fear, no bean cómh deas leis.
    Aon lá amháin chuaid sé amach ag siubhal. Bhí fir ag obair san mbhóthar agus bhí poll mór deánta achu. Bhí an fear ag feachaint suas sa spéir. Bhí piopa ina bhéal aige, agus bata ina laimh aige.
    Do thuit sé isteach san bpoll mar bhí sé ag féachaint suas sa speir, agus ní fhacha sé an poll. Do tharraing na fir amach é. Bhí clábae ar a chóta, bhí clabar ar a bhríste, bhí clábhar ar a bhóna, agus bhí a cluasal lan de clábar. Annsin do cuaidh sé abhaile, agus bhí na páistí go leir ag gáirí faoí. Annsin do thosuig sé ag rioth, agus d'fhág sé line mor de uisge agus clábar ina dhiáidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Ní Bhreatnaigh
    Gender
    Female
    Age
    42
    Address
    Cloonenagh, Co. Mayo