School: Cluain le Fán (roll number 12817)

Location:
Cloonliffen, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Callaráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 197

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 197

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain le Fán
  2. XML Page 197
  3. XML “An Bhean ag Sníomh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-bean 'na cómnuidhe i gConndae Mhuigheó blianta ó shoin agus is mion minic a d'fhanadh sí 'na suidhe go mall san oidhche ag obair.
    Bhí sí ag obair go deireannach oidhche Shathairne amháin ag sníomh dí féin nuair a bhuail sean-cailleac isteach a raibh dhá adhairc uirri. D'fhiafruigh sí ar bhean-a-tighe an raibh péire cárdaí aice agus go dtuibhradh sí congnamh dí. Dubhairt an bean nach raibh aon chárdaí aici dí. "Muise, níl mise gan mo ghléas oibre féin bheith agam!" arsa an Chailleach, agus leis sin tharraing sí amach péire cárdaí as a póca agus thosaigh sí ag cárdáil.
    Níorbh fhada gur bhuail cailleach eile isteach agus dhá adhairc uirri mar an gcéadhná. Shuidh sí síos agus d'fhiafruigh sí ar bhean-a-tighe an raibh túirne aice. "Níl aon tuirne agam duit," arsa bean-a-tighe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    English
    Informant
    Máire Bean Ní Bhrollacháin
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Caher, Co. Mayo