School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín beag ann uair amháin agus bhí a sean mháthair in-a cómhnaidhe lei féin in aice lei. Tháinig sí chuig a sean mháthair lá go bhfeiceadh sí an raibh sí go maith. Fúair sí in a leabaidh í. "Tá tú tinn a mháthair mór acht imtheóchaidh mise abhaile agus innseóchaidh mé do mo mháthair go bhfuil tú ann tinn."
D'imthigh sí lei agus d'fhág sí an doras fhoscailte. Bhí mada fiadháin ins an lios in aice leis an teach. Thainig se isteach ins an teach. Chúaidh sé síar ins an seomra agus marbhuigh sé an t-sean-mháthair agus d'ith sé í. Annsin chúaidh sé isteach ins an leabaidh agus shocruigh sé an t-éadach air féin.
Núair a tháinig an cailín beag isteach chúaidh sí síar ins an seomra. "Ó a mháthair-mhór nach agat atá an t-éadan mhór agus nach agat atá an dá láimh mhóra." Ní tuisge a dúbhairt sí é sin ná léim sé amach as an leabaidh agus rith an cailín beag amach as an leabaidh , agus rith an cailín beag amach agus í ag sgreadail. Cualaidh beirt fhear í a bhí ag baint adhmaid(continues on next page)- Collector
- Sile Ní Oisín
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Ní Oisín
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Ballinteeaun, Co. Mayo