School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba

Location:
Ballinrobe, Co. Mayo
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
  2. XML Page 065
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gabhar agus coileach ann aon úair amháin agus bhí cion mór aca ar a chéile. Shocruigh síad ar aistear a dhéanamh le n-a chéile. Ar thuitim na h-oidhche do bhúail síad isteach i gcill. Bhí crann árd sa gcill agus chúaidh an coileach in áirde ar an gcrann agus fúair an gabhar leabaidh fa bhun an chrainn. Codhluigh síad go maidin. Do ghlaoidh an coileac ós árd go luath ar maidin. Chualaidh an sionnach an glaodhach agus tháinig sé chuig an gcrann agus thosuigh sé ag moladh an choiligh ag rádh gur mhaith leis aithne a thabhairt ar an té a raibh an guth breagh sin aige. "Gabh thart ag bun an chrainn seo" ars an coileach "agus dhúisigh mo giolla". Ní túisge a rinne an sionnach amhlaidh ná léim an gabhar amach agus marbhuigh sé an sionnach, agus annsin tháinig síad ar ais abhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Sile Ní Oisín
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Ní Oisín
    Gender
    Female
    Address
    Ballinteeaun, Co. Mayo