School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba

Location:
Ballinrobe, Co. Mayo
Teacher:
M. A. Ó Mathghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
  2. XML Page 026
  3. XML “An Gadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Gadaidhe
    Deir an gadaidhe le n-a mhac agus iad ag ithe a bricfeásta a dul ag an margadh agus feáchaint raibh fear ann a raibh airgead aige. Thug sé fé deara fear ag chur luach muice na bhrascóta i bpóca a bhí le n-a craiceann.
    Thóg mac miosúr an chóta a bhí ar a druim agus bhí sé scirtí. Chuaidh sé abhaile ag a sean-gadaidhe agus d'innis sé an scéal dó. D'éirigh an tsean-gadaí suas ó'n mbord agus breathnaigh sé suas agus anall agus thug sé faoi deara é. Dubhairt sé leis féin go mba an fear é. D'imir se cleas ar an bhfear seo.
    Chuaidh sé tharais an fear amach fiche slat. Do chaith sé sparán ar an mbóthair, connaic an t-sean-fhear an sparán ar an mbóthair. Thóg sé é. Dubhairt sé leis féin go gcuirfidh sé an t-airgead síos ann.
    Coinigh an gadaidhe aireacas air. Nuair a connaic sé an t-sean-fear cur an t-airgead síos sa bporsa. Annsin chuaidh an gadaidhe agus dubhairt sé gur chaill sé an porsa, "Tabhair dom an porsa, chonaic mé thú 'ghá thógáil. Tá an oiread seo seo airgead síos sa bporsa".
    “Thóg mé an porsa ach ní raibh aon airgead ann. Beárfaidh mé duit an porsa.” “Ní thógfaidh mé é go bhfuighidh mé an t-airgead agus an porsa”. Cuadar ag cros-cainnt ar a chéile. Tháinic beirt pólais agus siad an scéil dóbhtha. Thug an beirt seo ag an uaisgeís agus d’innis siad a sgéil ag an uaisgéis.
    Dubhairt an sean-fear gur thóg sé an porsa ó'n mbóthair ach ní raibh aon airgead ann. Dubhairt an gadaidhe gurab é a porsa agus go raibh an méid seo airgead ann. Dubhairt an uaisgeís go g-caithid sé an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Paitín Ó Cadhain
    Relation
    Unknown
    Age
    70
    Address
    Ballinrobe, Co. Mayo