School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba

Location:
Ballinrobe, Co. Mayo
Teacher:
M. A. Ó Mathghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
  2. XML Page 023
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí Rí in Éirinn fadó agus Bhí sé Pósta.

    (continued from previous page)
    oireann tú é pósadh mé thú." "Muise bh-fearr liom dul tré Éire thuille". "Tá gabháltas mór talmhan agam, tá caiple ráis agam, tá chuile sórt nidh sa [d]omhan agam", arsan bhean. "Pósadh mé thu mar sin," ar seisean.
    'Chuile maidin nighfeadh sé é féin agus rachadh sé ag fiadhach ar cheann de na caiple. An mhaidin seo leig sé an scaball a bhí ar a mhuinéal ar an mbord. [Ch]uaidh sé amach. Bhí an bhean ag glanadh na soithí agus fuair sí an scaball. [D]oscail sí é agus léigh sí é. Bhí fhios aici annsin cé bhí pósta aici. D'imtigh sí as a [c]iall. Nuair a tháinig an Rí isteach chonnaic sé an scaball comh maith agus bhí fhios aige cé bhí pósta aige. D'imthigh sé go d-táinig sé go roilig. Bhí fear ag an n-geata. "Tar uait isteach annseo" arsa an Rí. Luigh sé ar an talamh. "Cuir na trí spírí seo díom". Bhí sé a'cur píonos air féin ar an rud a rinne.
    'Cuile am ar bith a bhéadh naomh ar an d'talamh [b?]ualadh na cloig i Róimh agus rachadh to leór amach at róiridheacht an Naoimh. An lá so do bhuail na cloig. Thosaigh siad ag tóir. Tháinic siad go dtí an roilg. [F]uair siad an Rí 'na Naomh. Thug siad go Róimh é. Rinneadh sagart de. [R]inne "Missioner" de. An lá so bhí go leor daoine ag iarraidh faoistín fhagháil. Bhí teach an phobail lán. Tháinig sean-bheanín isteach. Bhí chuile duine ag [?]ubhail uirthe. Chonnaic an missioner í. Tháinic sé amach as an m-bosca. "Coinnigh siar", ar seisean, "agus leig isteach an bhean bhocht. "Chuaidh sí isteach a'fáil faoistín. Fuair sí maitheamhnas ó'n Missioner. D'imthigh an peidhre chun flaithis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Informant
    Daibhidh Piaruic
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Ballytrasna, Co. Mayo