School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba

Location:
Ballinrobe, Co. Mayo
Teacher:
M. A. Ó Mathghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
  2. XML Page 022
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí Rí in Éirinn fadó agus Bhí sé Pósta.

    (continued from previous page)
    tabhairt chuig an fhairrge. Bhí oileán amuigh sa bh-fairrge agus do bhí máighistear scoile ann ag múineadh scoláirí. Thug an fear an bosca ag an bh-fairrge. Shnámh an bosca go d-táinig sé isteach ag an oileáin seo. Bhí ba bainne ag an mhaighistir scoile agus buachaill dá thabhairt amach gach maidin agus isteach gach oidhche. An maidin seo chuaidh sé amach leis na beithidhigh.
    Fuair ceann de na ba an bosca. Thosaigh sí 'ghá ligheamh. Chuir an buachaill isteach sa b-páirc annsin iad. Tráthnóna chuir sé isteach sa stábla iad. Chuaidh sé amach a'bleaghadh na mbó. Bhí dhá oiread bainne ag an m-buin seo a bhí ag ligheamh an bosca. D'innis sé dó'n máighistir scoile go raibh dhá oiread bainne ag an mbuin a bhí ag ligheamh an bosca. "Rachaidh mise amach ar maidin féachaint cé'n sórt bosca é", arsan Máighistir Scoile. Chuir an M.S. an buachaill an bosca a thabhairt isteach sa teach. D'oscail siad an bosca agus bhí an páiste ann agus é beo. Bhí lorg a chloiginn ar bharr an bhosca agus lorg a g-cos ar an mbarr eile. Bhí sé ag iarraidh fás ach bhí an bosca ró-bheag. Thug siad amach an páiste. "Céard a dheanfaimíd leis"? arsan buachaill.
    "Céard a dhéanfaimíd", arsan M.D., "ach coinneálfaidh mé agus cuirfidh me ar scoil é. B'fhéidir go bh-feilfidh sé dom féin go fóill." Chuir sé ar scoil é. I g-ceann seacht m-bliadhna rinne sé an-fhear. Scoláire chómh mhaith agus bhí in Éirinn. Nuair a bhí sé blian is fiche dubhairt sé leis an M.S. go rachadh sé go tír éicínt eile. Fá cheann cúpla lá d'imthigh sé. Bhí sé ag dul tríd Éire. Bhí sé ag dul thar scata fir. "Bail ó Dhia (ar an obair) oraibh," ar seisean. "Go mbeannuighidh Dia dhuit adubhairt na fir. Bhí teach mhór áluinn ar thaobh an bhóthair agus arsan fear óg: "Sin é an teach is fearr a chonnaic mé riamh". Bhí bean an tighe ag fuinneog an tighe agus a cloigeann amach. Ghlaoidh sí ar ceann de na fir bhí ann. D'innis sí di go n-dubhairt sé gurb é an teach is fearr a chonnaic sé ariamh. "Abair leis an fear óg teacht annseo chugam, "arsan bhean. Tháinigh sé. "Tá an-áit agam annso", arsan bhean " agus má
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Informant
    Daibhidh Piaruic
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Ballytrasna, Co. Mayo