School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: M. A. Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt dhriotháir ann agus maidean breágh breathnigh duine acú amach as uachtar an tighe. Chonnaic sé girrfiadh leath-taobh ór agus leath taobh airgead.
Dubhairt sé le n-a driotháir go raibh sé ag dul ag fiadhea[ch] "Cé bhéadh fhios agat go mbéidh tú beo"? ar seisean
"Tá tobar annsin agus béidh bárr uisge air nuair a bhéas mé beó agus bárr fuil nuair a bhéas mé marbh."
Glaodh sé ar a cú, a seabhach agus a acfhuil dubh. Sin iad an trí nidh le dul ag fiadheach a bhí aige. Bhí an girrfiadh roimhe amach agus ní fhéadfadh sé a bhreith air. Le tuitim an tráthnóna tháiniceadar go díoghthrach coill. Chonnaic sé bronntach teach 'sa g-coill agus sean-bhean 'sa teach. Thug an fear-fiadheach ordú do'n t-sean-bhean an girrfiadh 'chur amach;
"Bheul" ars an t-sean-bhean "'S olc an slighe an girrfiadh bhéadh annseo, ceanngail an chú, an seabhach agus an achfuil dubh
"Níl aon gleas ceangail agam", ar seisean.
Thug an t-sean-bhean trí ribe agus ceanngail sé ann le chéile iad. Cheanngail sé an cú, an seabhach agus an acfhuil dubh.
Thosaigh an fear-fiadach is an t-sean-bhean ag troid, agus d'éirigh an fear-fiadheach lag. Nuair a chonnaic sé go raibh an t-sean-bhean á chur i bhfolac (é) d'iarr sé congnamh ar a chú, a sheabhach agus a acfhuil dubh' "Cúnadh, Cúnadh a chú, ar seisean. "Fáisg, Fáisg, a ribe", ar sise. Thug sí leí a slat agus rinne sí trí cloch tonnta leis an t-slat draoidheachta.
Annsin chonnaic an driotháir 'sa mbaile an bárr fuil ar an tobar. D'imigh sé leis, Thug sé leis an achfuil dubh agus fuair sé fiadhea[ch](continues on next page)- Informant
- Paitsín Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Address
- Ballinrobe, Co. Mayo