School: Maol Raithnighe
- Location:
- Mallaranny, Co. Mayo
- Teacher: An tSiúr Philomena
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol Raithnighe
- XML Page 191
- XML “Neillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)III
A Dhia céard a dhéanfas mé i mbarach
Nuair a chifeas mé mo ghrádh a' dul aníar
Gan neart agam seasamh i do lathair
Le béadh a tháinig eadtrainn le bliadhain.
Nuair a chuimnigheann ar smaoineamh ná ghaire (náire)
Ná(r) ar imteacht an dá laimh a bhí fíal,
Tuiteann lionn dubh 'san eolais
Caoinfead go leor leor in do dhiaidh.D'éirigh mé ar maidín Dé Céadaoin
Agus nior choisreach mé mo éadan, faraoir!
Agus nuair a chuala mé bás mo chéad grádh
Do sgioth mé an corr mhéar ón ailtin.
IV
Is fada chaith mé mo chosa gan bróga
Agus is fada chaith mé mo phóca gan phingin,
Agus is fada ó ól mé le mná óga
Is ni(or) ól mé aon deor le mo béam (biam) (grádh)
Ba dhúil dhom bothar an t-sagairt
Agus ba dhúil dhom bheith ar bothar an ríogh
Agus ba dhuil dhom a bheith ar aifreann Dia Domhnaogh
Agus cailín deas donn lé mo thaobh.- Collector
- Breandán Ó Floinn