School: Maol Raithnighe
- Location:
- Mallaranny, Co. Mayo
- Teacher: An tSiúr Philomena
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol Raithnighe
- XML Page 157
- XML “Málaí Sléibhte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(V)Thug mé grádh dhuit is mé beag bídeach
An dára gradh agus mé mór crionna
Ní hé sin an grádh a thug an t-uan don chaora
Ach gradh mór daingean ag ba doiligh a sgaoileadh.
(VI)Tá mo ghrádh-sa 'san doras na gaoithe,
A dá láimh fosgailte 's a gruaig le fánaid
Bhí me a' dhúil go bhfeiceann mo mhuirighín Máire
Ar sráid a' mhargaidh ná 'gcruinn an aonaigh.
(VII)Gheall tú domsa agus rinne tú bréag dhom,
Go dtiubhreá a bhaile mé, millúin óir is díallaid airgid,
Trí baile mór agus baile margaidh,
Is cuairt breagh glégeal ar taobh na fairrge.
(VIII)Grádh mo chroidhe do chúl gruaige
Do bhéilín mealltha a raibh na céadta ingrádh leis,
Bhí a dá láimh geala fa do bhrollach fásgthe,
Is ní fuide liom an oidhche ag ól do sláinte.
(IX)Ó tá mo chroidhe istigh comh dubh le sméara
Ná ar faocóga ar malaibh sléibhte,
Agus is minic a bhí ceann dubh ar chloigeann (Cuilfionn) glégeal.
(Bríghid Ní Mhaille, (seanbhean) Rostuirc, Maolraithinghe a thug an t-amhran sin dhom idir fonn agus foclaí)- Informant
- Bríghid Ní Mháille
- Relation
- Unknown
- Address
- Rosturk, Co. Mayo