School: Tóin an tSeanbhaile
- Location:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Mac Pháidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Naoi Laethe is Measa"Trí lá na Riabhaighe" tigeann siad an 1adh, 2adh, 3adh Aibreán, bhí bó bhreach, riabhach ann fadó agus bhí sí tannaidhe. An lá deiridh de Mhárta dubhairt sí go raibh sí ceart, chraith sí a ruball nuair nár mharbhuigh Márta í, act fuair Márta trí lá ó Aibreán, agus d'fheann siad an craiceann d'en Riabhaigh agus mharbhuigh siad í agus sin é an fáth a dtugtar an t-ainm sin orra."Trí Lá na Cuaiche" tigeann siad ar an 15adh, 16adh, 17adh Bealtaine agus deireann na sean daoine gurab í an chuach is cionntach leobhtha mar bíonn an uair go h-olc. Glaodhann cuid de na daoine "Garbhóg na Cuaiche" ar na laethannta sin.Amuich san fóghmhar tigeann gaoth agus baineann sé an chlúmhach de'n lonn dubh. San M Fóghmhair a thigeann na trí laethe seó agus glaodhann siad "Trí Lá Lomradh an Luinn" orra.(continues on next page)
- Collector
- Páid Ó Cabharcaigh
- Gender
- Male
- Address
- Doogort, Co. Mayo
- Informant
- Tomás Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 88
- Address
- Doogort, Co. Mayo