School: Tóin an tSeanbhaile
- Location:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Mac Pháidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ~ Sean sgéal a chuala mé sa mbaile ~
Bhí bean ann fadó agus bhí bó dhearg aice, agus cailleadh an bhó, rinne sí poll agus fuair sí an bhó agus do chaith sí isteach an bhó agus chuir sí cré uirré, chuaidh sé abaile agus nuair a chuaidh sí isteach sa seíobal bhí an bhó ann agus bhí sí ag ithe. Bhé an bhean sásta agus leig sí amach an bhó agus san tráthnona chonaic sí fear ag tabhairt an bó leis, ní raibh sí ibhfad sa mbaile gur thanaig an fear arís, agus dubhairt an bhean leithe féin má bhfuair sí í arís nach leigfeadh sí amach í, chuaidh an fear arís agus nuair a raibh sé mall san oidhche chuala sí go leor ag cain agus ag rá "éirigh bean a tighe tá dó bhó annseo. Chuaidh an bhean amach agus ní raibh soine amuich, bhí an bhó imtighthe leis na taidhbhsí.
Paid Ó Ceárnaigh,
Toin an t- sean bhaile, Dubhgort
Cathair na Mart,
Co. Mhuigheo.
23 - 3 - 38.
Fuair mé an sgéal seó thuas ó
Bríghid Ní Ceárnaigh,
Toin an t- sean bhaile, Dubhgort
Cathair na Mart,(continues on next page)- Collector
- Paid Ó Ceárnaigh
- Address
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
- Informant
- Bríghid Ní Ceárnaigh
- Relation
- Unknown
- Address
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo