School: Tóin an tSeanbhaile
- Location:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Mac Pháidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Posaidhthe san áit seóFadó in Acaill nuair a bhí siad ag dul ag phosadh ní raibh gluaisteain ann, caiple is mó a bhí acú agus bhíodh spórt acú an t-am sin. Deireann na sean daoine go raibh siad ag rásaí nuair a bhíodh siad ag teacht abhaile leis an phosadh agus bhíodh na mná mar chulóig leis na fir. Go fóill deireann na daoine nach maith do dhuine ar bith pósadh ar Dia Luan, sin sean phisréog atá ag na daoine. Chuala mé sgéal faoi fhear a bhí pósta san teach, nuair a thanaig an sagart isteach bhí na cearcai thuas ar an bhord agus bhí an bhean ag an teine agus bhí an cat ag sgreadhaighil agus bhí an madadh ag rith indhiaidh an chait.San Earrach is mó a phósann na daoine anois, déanann siad cleamhnas san teach roimh an phósadh agus an spré a thugann siad do'n chailín nó do'n fhear beithidhigh is mo. Bhíonn uisge beatha agus go leor cacaí milse acú agus fíonn le h-aghaidh na mban, tugann siad an cuireadh do na daoine thart san áit. Fadó beadh na claimearaí ag dul thart nuair a bhíonns phósadh ann. Bhí cailleach agus sean fhear agus gárda ann agus bhíodh siad ag damhsa agus hata deanta de chochan acú.(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Duibhídhír
- Address
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo