School: Tóin an tSeanbhaile
- Location:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Mac Pháidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Stoirmeacha Móra a bhí in AcaillBhí gárda fhairrge (Coast guard) céad bliadhain ó shoin ar an Chaoil, oidhche amháin thanaig stoirm ba mhó a thanaig ariamh in Acaill. Bhí gabha ar an Chaoil dar bhainm Ó Mongáin, bhí an gárda in a aghaidh, agus an t-ainm a bhí air, Reynolds, oidhche amháin san bhliadhain 1839 bhí sé olta agus bhí sé ar meire. Bhí se ag dul ar fud na Caoille agus a chlaidhm tarrainte aige, bhí tlú ag Ó Mongáin, mar bhí Reynolds ag briseadh an doras isteach air, seas sé taobh thiar d'en doras, agus nuair a thanaig Reynolds isteach, thug sé buille do agus leag sé é, mair sé cúpla lá agus cailleadh é. Cuireadh é san Chuileanach, bhí Nangle san áit annsin, thóg siad arís é go bhfeiceadh siad a mbeadh siad ábalta dlighe a chuir ar Ó Mongáin agus chuir. Bhí na tighthe leaghtha an oidhche sin, agus bhí gach rud leaghtha, acht níor thanaig aon mhaitheas ar an dlighe a chuir siad ar Ó Mongáin, bhí an stoirm sin ar fud Éireann uilig, an t-ainm a tug siad ar an oidhche sin "Oidhche(continues on next page)
- Collector
- Páid Ó Cabharcaigh
- Gender
- Male
- Address
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo