School: Aughaclay (roll number 13140)

Location:
Templemoyle, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Beirn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1124, Page 193

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1124, Page 193

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Aughaclay
  2. XML Page 193
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Page 192
    Is deacair béal oideachais a chruinniu sa cheanntar seo. Níl moran ann a tubeadh suim ar bith san obair acu agus nil gaedhilg ar bith ann.
    Ach na dhiaidh sin agus uile da mbeadh tamall eile againn, anois nuair atá na paisti cleachtuighthe leis an obair, geobadh sinn níos mo i leith-bhliadhain no gheobhadh sinn i mbliadhain i dtúis ama.
    Tá suim ag na páisti san obair anois agus thiocfadh leo dul ar agaidh agus giota beaga a fhaghail do réir a cheile agus muna dearnadh maith ar bith eile ach suim a thabhairt do na dáltai i n-obair de'n cineal tá obair mhaith deánta.
    Cailleadh an Ghaedilg sa cheanntar seo de bharr a bheith comh chomharach do Doíre agus do'n Ghalltacht agus fosta le seal fada de bhliadhanta thigeadh moran ar na laethe saoire agus ar ndoighe béarla acu uilig. Nigh nach iongnadh rinne na daoine san áit aithris orthu seo.
    Annsin bhí aruis "peelers" go tuigh agus fosta staisiuin lucht fáire an Chósta Coastguards agus rinne na daoine aithris ar na daoine móra mar shil siad.
    Na h-adhbhair seo le cheile a dhibir an Ghaedilg comh gasta as Inis Eoghain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Other