School: Drong (roll number 15699)

Location:
Drung, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Mac Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1117, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1117, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drong
  2. XML Page 141
  3. XML “Conas a Chaitear Oíche Nollag sa Cheantar seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Éirigheann gach éinne go moch maidin ar na bhárach, agus téigheann siad chun Aifreann. Nuair a thagan siad abhaile, deanann an mháthair réidh an breicfeasta: acht téigheann na paistí go dtí na stocaí, agus bíonn áthas an domhain ortha (ní nach íongadh) nuair a ghéibheann siad na rudaí a b'fhearr leó.
    Nuair a ghéibheann siad an breicfeasta, bíonn siad ar cipíní go dtí go dtigeann fear an phuist. Annsin bíonn lúthgháir ortha, nuair a gheibheann siad litreacha, cartaí, agus feiríní ó a gcuid chairde, agus a ndaoine muinteardha.
    I meadhan lae, ghéibheann siad dinnear na Nodlag agus bíonn císte milse agus mearóg phluma go leor aca.
    'San oidhche, bíonn fleadh no siam-sa aca, agus taithnigheeann an fhéile leó go h-an-mhaith ar fadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní hArgáin
    Gender
    Female
    Address
    Quigley's Point, Co. Donegal