School: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh

Location:
Ballylosky, Co. Donegal
Teachers:
An tSr. A. Nic Fhionnlaoich An tSr. M. Beinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1115, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1115, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh
  2. XML Page 221
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (4) LÉIGHEAS TEINE AIGHTHE:
    Cuimil píosa óir nó síbhin cocháin thart ar gach ball nimhneach d'a bhfuil ar an aghaidh, ag deánamh fíoghar na croise "I n-ainm an Athar agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh; teine aighthe; teine a chuir. Is lag an teine, is beo an duine; Mac Dé a chuir." Tá sin le rádh trí h-uaire; uair gach ám a chuimiltear.

    (5) LÉIGHEAS FIABHRAS CROIDHE:
    Glac cupa min-choirce agus tarraing sgian thar bhéal an chupa go rabh an mhin cothrom le n-a bhéal. leag an cupa i gceithre h-áiteacha ar chroiceann an duine tinn, fa'n bhásta, faoi'n chroidhe agus siar fa'n druim. Deán sin trí cúrsaí. Deán fhéin agus an duine breóidhte bhur gcoisreacadh i dtoiseach agus abairigidh, "Dia i n-aghaidh na h-urchóide." Bí féin ag rádh an "Phaidear" agus an "t-Abhe Maria" fhad agus atá tú ag deánamh an léighis, agus cuir trí "Paidreacha" agus trí "h-Abhe Maria" ar an duine tinn mar bhreitheamhnas aithrighe le Dia a bheith i n-aghaidh na h-urchóide.

    (6) LÉIGHEAS AINMHIDHE CAITHTE:
    Is minic, do réir mar a dubhairt na sean-daoiní, a chaitheann na sidheógaí ainmhidhe, cuir i gcás, bó, agus seo an dóigh a ndeántar léigheas. Tomhais an bhó ó ruball go srón le do láimh ó uilinn go barr an mhéir, agus i gcionn gach aon fhaid láimhe gearr fíoghar na croise. Annsin glac maide briste agus aibhleóg, agus cuir an aibhleóg anonn faoi bholg na bó. Bíodh duine thall agat ar an taoibh eile de'n bhoin leis an aibhleóg do chur anall chughat thar a druim. Gearr an chroch-chéasta ar an fhionnadh ar chúl-druim na bó. Cuir anonn an aibhleóg arís faoi'n bholg mar a' gcéadna, agus nuair a thugas tú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Monica Ní Chaomhnaigh
    Gender
    Female
    Address
    Glack, Co. Donegal
    Informant
    Siúr na Trócaire
    Gender
    Female
    Occupation
    Bean rialta
    Address
    Carndonagh, Co. Donegal