School: St Columba's, Buncrana
- Location:
- Buncrana, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Ua Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amhain bhí Colmcille ag dul fríd Ballymagan nuair a thainig a chuid náimde air. B'egean dó teicheadh agus lean siad é.Chuidh sé i bhfolach ortha istig i dteach acth toisigh an coiteach ag sgairtigh agus thug sin an t-éolas do a chuid náimhde fá'n áit a rabh sé.Bhí fearg mhór ar Colmcille leis an choileach agus dubhairt sé nach gc ?coileach ag sgairtigh i Ballymagan a choidhche arís.
Bhí sé lá eile ag dul fríd Bhuncrannaighe agus chualaidh sé cupla fear ag caint ar na caraistí a bhí aca ins an am sin. Stad Colmcille nuair a chualaidh sé iAd agus dubhairt sé leo go dtioefhadh an lá nuair a bhéadh caraistí abalta rith uatha féin agus gan capaill ar bith a dhith ortha.
Lá eile bhí Colmcille ag dul suas ar chois abhainn an Mhuilinn atá ag dul istech ins an fhairrge ag Buncrannaighe . Rinne sé tarngaireacht agus dubhairt sé go mháidhfhidhe truír de'n ainm cheadna ins an abhainn sin.
Uair amháin bhí fear i mBuncrannaighe(continues on next page)- Informant
- Mr Patrick Mc Laughlin
- Gender
- Male
- Address
- Buncrana, Co. Donegal