School: St Columba's, Buncrana
- Location:
- Buncrana, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Ua Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An dóigh a bhfuair Kinnego a ainm.
Ag deireadh na h-ochtmhadh h-aoise déige nuair a bhain na h-Éireannaigh úsaid mhór as na pící i gcath ,bhí gabha na chomhnuidhe ins an áit seo agus sé a bhí ag deánamh na bpící do na saighdiuírí.
Bhí an cheardcha deántta aige istigh imeag dornán tor. Lá amháin thainig saighdiúirí na Sasana an bealach . Sul ar mhothuigh sé bhí siad istigh sa mhullach air agus é ag obair go dian díceallach ag deanamh na bpící.
Thug siad amach taobh amuigh don teach é agus dubhairt siad leis go rabh siad ag dul a bhaint an chinn dó.Dubhairt séa leó go bhféadfadh siad é a chur chun báis acht nach bhfuigheach a theine bás a choidhche.
Ní thug na saighdíuirí caoi ar bith dó acht tharraing fear aca a chlaidheamh agus steall sé an ceann dó.Ó n lá sin go dí an lá indiu toghar an t-ainm Kinnego nó Ceann an Ghabha ar an áit.Go minic ins an Gheimhreadh deirtear go n-éirigheann solus ins(continues on next page)- Informant
- Mr Harry Mc Laughlin
- Gender
- Male
- Address
- Buncrana, Co. Donegal