School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 269
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Lá dá rabh Colm Cille ins an fhásach tháinig coimhighitheach a chuir cainnte air.”
Lá dá rabh Com Cille ins an fhásach tháinig coimhighitheach a chuir cainnte air. D'éirigh Colm de'n turtóig a rabh sé 'na shuidhe uirthí agus shuidh sé ar thurtóig eile. Thug sé leideadh do'n choimhighitheach suidhe ar an turtóig a dfhág sé. "Ó" arsa'n coimhighitheach, " ar ndóighe dhéanfadh an turtóg a dfhág tú mise.""Bhal" arsa Colm, "mur bfuil a dhath eile agat le tabhairt do'n choimhighitheach is don mhúineadh do shuidheachan féin a thabhairt dó."(no title)
“Bhí Colm Cille ar a seachnadh. Bhí an tóir te 'na dhiaidh.”
Bhí Colm Cille ar a sheachnadh. Bhí an tóir te 'na dhiaidh. Chodlaidh sé seal tamaill i dteach beantrebhaigh i nGaraidh-Charraidh. Bhí fios aige gur bhuail seachran an tóir agus nach dtiocfadh leobhtha an teach a dheánamh amach. Ag bódhranacht an lae sgairt an coileach agus thug an tóir a n-aghaidh ar an teach. B'éigean do Cholm éirghe agus baint as amach. Thug sé a mhallacht do'n choileach agus dfhág sé mar bhuadh ar Gharaidh-Charraidh gan coileach sgairtint ann fhad is bhéadh féar ag fás nó(continues on next page)