School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 240
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sin ó shoin.
Maidin amháin bhí Colm ag cur air bhróg. Chuir sé air bróg amháin agus cheangal sé é sal ma chuir sé air an ceann eile. Tháinig sgéala isteach go rabh an tóir ag teacht agus b'eigean do rith le leath-bróg air. Bhéadh se i bhfád níos furasta ríth leis an da bhróig air no leis an dá bhróig de ach bhí e an doiligh ríth le leath-bhróig air. D'fág sé a mhallacht a dhuine ar bith a cheanglochadh an chéad bhróg sal ma chuirfeadh sé air an ceann eile. - Sgéal.
Bhí an tóir indiaidh Cholm Cille agus luighe sé amuigh a[r] mhullach Chnoc an Toighe. Oidhche fhuar a bhí ann agus nuair [a] mhusgail sé ar maidin bhí a shúile fríthir. Bhí tart air agu[s] ní rabh uisge ar bith le fághail aige. Bhuail sé carraic le n[a] chroisin agus rinne sé tobar. D'ól sé deoch as an tobar agu[s] annsin nígh sé a shúile ann. Léasadh iad agus bheirtear tobar na súil ar an tobar sin o shoin ach tá sé tirm anois.
Nuair a d'amharc Colm thart chonnaic sé an namh[a] ag teacht. Bhí siad an chómhgarach agus bhí fhios aige nach mbéadh sé gasta go leor le coinneal rompa. Léim s[é] o mhullach Chnoc an Toighe síos go carraic i nDruim(continues on next page)