School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 201
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tamall beag na dhiaidh seo, d'éirigh fear éile agus bhí rud inteacht le deanamh aige shíos fa'n loch. Nuair a bhí sé shíos chonnaic sé loirgeacha Aoidh sa t-sneachta. Shíl sé gur péist mhór a bhí ann, agus thoisigh sé ag sgairtigh ar na chómharsanaibh. Tháinig siad uilig agus gunnai leo, agus d'imthigh siad inidhiaidh [!] na péiste. Ar an bealach chuaidh sgaifte mór i n-éinfeacht leobhtha, agus nuair a shraoich siad an bealach mór shíl na daoine gur torramh a bhí ann. Lean siad na loirigeacha go dtí go dtáinig siad go siopa Pheadar Ua Ghallchobhair agus fuair siad Aodh na sheasamh ag an chúntar.
- Sgeal.
Bhí fear ina chomhnuidhe shiar i bpobal Cionn Caislach dar bhainm Paidi Ac a Bhard. Duine greannmhair suailceach a bhí ann. Bhí sé mór i gceart le Sagairt na Paraiste agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag deanamh grinn air.
Tá gnáthas ag na sagairt ins an ait seo. Théigheadh siad o bhaile go baile dhá uair sá bhliadhain a d'eisteacht sean daoine fá Chaisg agus fá Shamhain. Cruinniugheann sé na séan daoine go dtí an teach amhain agus eisteann siad iad. Leigheann(continues on next page)- Collector
- Máire Níc Phaidin
- Gender
- Female
- Informant
- Seamus Mac Phaidin
- Gender
- Male
- Address
- Breenagh, Co. Donegal