School: Trian Caol (roll number 10778)

Location:
Treankeel, Co. Donegal
Teacher:
Peadar Mac Gaoithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Trian Caol
  2. XML Page 200
  3. XML “Seanghnásannaí - Oíche Fhéile Bríde”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gach lá ar feadh na bliadhna ma cuirtear cros os cionn cro na gcearc.
    Bheirtear Brat Bríghide ar an luachra atá fágtha. Fágtar é amuigh ar an fhál agus sabhaltar duine ar bith atá an tóir in a dhiaidh ma gheíbeann sé é.
    Tá Naomh Bríghidh i gceann de na naomhtha is mo a bhí i n-Éirinn agus is anim coitcheannta i dtéighleigh na h-Eireann Brighidh indiu fhéin.

    Máire Ní Éagartaigh
    Fuair mé na gnáthasannai seo ó
    Padruig Ua h-Éagartaigh
    Na Bruighneacha
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal.
    Bhí fear 'na chómhnuidhe i mBeal Átha Féidh uair amháin agus bhí cloganna aige le díol. Cheannuigh fear a bhí 'na chómhnuidhe ag Luc Muc péire. Tá bealach mór ag dul thart fa'n loch seo, agus tá toighthe ar gach taobh de. Bhí Aodh an fear a cheannuigh 'na chómhnuidhe i gcionn de na toighthe seo.
    Lá amháin sul mar éirigh aon duine, d'éirigh Aodh, agus thoisigh sé ag siubhal go dtí na Gleannta, a bhí ocht míle ar shiubhal. Bhí cumhadha[ch] sneachta ar an talamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Nic Daibhéid
    Gender
    Female
    Informant
    Peadar Mac Gaothin
    Gender
    Male
    Address
    Breenagh, Co. Donegal