School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Fhéil Bríghide
Tá sean gnathasannai ag na daoine go fóill ar oidhche Fhéil Bríghide.San tráthnóna roimhe luighe gréine gearrtar luachra agus fágtar iad taobh amuigh de'n dhoras. Nuair a thigeas an oidhche gnídhtear féasta. Nuair a bhios an fhéasta réidh téigheann duine amach agus bheireann sé isteach na luachra. Seasuigheann sé taobh amuigh de'n dhoras agus deireann sé."Gabhaigidh ar mbur nglúainibh. Fosgailtigidh mbur súilibh, tógaigidh suas mbur lamha agus leig isteach Brighid"Deireann na daoine atá istoigh:-"Sé beatha na mna uaisle. Sé beatha na mna uaisle. Sé beatha na mna uaisle.Fágtar na luachra faoi an tábla agus nuair atá an féasta tart caithtear iad i lár an urláir. Annsin gnídhtear cróssannai dobhtha. Coisreachtar na crossanai ar an 2adh Feabhra agus cuirtear suas iad.Deireann na sean daoine go mbíonn im agus bainne go leór ag na ba ar feadh na bliadhna ma cuirtear cross os cionn an bhothaigh ar oidhche Fheil Bríghide. Deireann siad fosta go mbíonn uibheacha ag na cearcaibh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Éagartaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Padruig Ua hÉagartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Breenagh, Co. Donegal