School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Briseadh Sgarbhaidh na Soillse.Indiaidh bháis Eoghain Ruaidh toghadh an Easboc Mac Mathghuin mar árd cheannphort ar arm na nGaedheal. Ní rabh an t-Easboc i bhfad mar árd cheannport go rabh 5,000 saighdiur agus 900 lucht gearron faoi na chuid orduighthe. Suid as nach rabh moran céile aige da gnoithe cogaidh bhí fir faoi mar Fearghail agus Einri Mac Eoghain Ruaidh a bhí i n-inibh an sluagh mór seo a stúireadh. Thug Iarlaí Oirmhumhain agus Cloinnricard isteach cuideadh leis. Chuir siad cómhairle air an t-arm a thabhairt go Tír Chonaill cionnus go mbéadh na sleibhte agus na coillte ní b'foirtinidhe le cogadh fada iomchur 'un tosuigh. Gheall siad sluagh mór fear a chuir chuige as Connachta agus le na chois sin tréan gunnaí móra agus bídh. Cuir an t-Easboc a muinghin ins an gealltanas seo agus d'fág sé Muineachan agus thug sé a chuid airm fhad le Achadh an da Choradh (Charlemont) i gConndae Thír Eoghain. Ba é an rún a bhí aige an bealach a chonnailt fosgailte de'n chabhair a bhí le teacht as Connachta.
An uair seo bhí Coote agus a sluagh i nDoire agus bhí Venables agus a chuid airm i(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Gaoithin
- Gender
- Female
- Informant
- Peadar Mac Gaoithin
- Gender
- Male
- Address
- Breenagh, Co. Donegal