School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 158
- XML “Story”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)pig has taken a fancy to me, oh, no Father, he is not pleased because you are taking your tea out of his bowl.
- Bhí fear ann aon uair amháin d'arbh ainm Tarlach Bán. Bhí sé ag teacht abhaile oidhche Shamhna agus chonnaic sé solus shios ag an abhain. Shíl sé gur a bad iad sin a bhí i ndiaidh bradan a bhí ann. Chuaidh se sios agus chonnaic sé na fir bheaga. "Cead míle failte romhat a Tharlaigh Bháin," arsa siad. "Go rabh maith agaibh," arsa Tarlach.
Thoisigh siad ag iasgaireacht arais. Nuair a bhí cuid mhór igadain acu marr siad ar Tarlach a theacht leo. Dimthigh sé leo. Ag teacht i n-aice Ard na Sidheogan dobhtha fosgladh doras mór, agus chonnaic Tarlach an halla a ba deire do bhfacaidh sé ariamh.
Chuaidh siad isteach agus thoisigh siad ag oththe agus ag ól. Bhí siad iongantach tuirseach agus thuit siad in a gcodladh uilig ach fear amháin. Chuir sé iarann mór sa teine. Nuair a bhí sé dearg thug sé é amach le sin mhusgail Tarlach agus ceann de ns sidheogai. "Caide bhfuil tú gabhal a dheanamh le sin", ars an sidheog. "Tá mé gabhail le é a cuir sios sgeadaman Tarlaigh", ars an chead fear. Chulaidh Tarlach seo, leim é in a sheasamh. Chonnaic sé fear in a luighe i leabaidh. "Goitse isteach annseo," arsa seisean. Chuaidh Tarlach isteach agus thuit sí í na chodladh. Nuair a mhuisgail se ar mhaidin bhí sé in a luighe ar Ar Ard na sidheogan agus cloch mhór faoi a cheann.(continues on next page)