School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 581

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 581

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 581
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí Conall Ó Baoighill na chomhnuighe sna Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh an sluagh sídhe air agus iad ag dul suas go Connachta le cailín dóigheamhail a bhí ann a thabhairt leo.

    Sean Sgéal.
    Bhí Conall Ó Baoighill na chomhnuidhe ‘sna Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh an (slag) sluagh sídhe air agus iad ag dul suas go Connachta le cailín dóigheamhail a bhí ann a thabhairt leo anuas go Dún na Séad mar ar chomhnuigh siad. Mar nach dtiocfadh leo an cailín a thabhairt leo gan duine saoghalta bheith ar mhuin an chapaill léithe thug siad leo Conall suas. Chuir siad an cailín ar chúlaibh Chonall agus D’fhill ar an mbaile. Bhí a chluasa fosgailte ag Conall agus bhí sé ag eísteacht le na gcomhrádh ar an mbealach anuas. “Is mór an truaighe truaighe arsa duine acu”, gan í ag Conall óir is breagh an cailín í “Ar a thoil fhéin atá”, arsa duine eile. Má tá taitneamh aige di, níl aige ach fáinne a ghearradh timcheall uirthi agus ní bhéidh de chumhacht ag aonduine againne baint léithe. D’fhan Conall go raibh sé ar ais sna Rosaibh, agus nuair a fuair se faill ar na daoine beaga. Ghearr sé fáinne thart air fhéin agus ar an gcailín. Ach sul a rabh an fáinne déanta aige, bhuail duine de na daoine maithe an cailín le slaitín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic Na Midhe
    Gender
    Female