School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 555
- XML “Oíche Chinn Fhéile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)labhairfeadh ceann-urraidh an toighe a fhreagar "Sé beatha." Deirfeadh an té a bhí amuigh an rud céadna ath-uair. "Gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, foscailigidh bur súile agus leigigidh isteach Bríghid." Abairfeadh cinn-urraidh an toighe a fhreaghar ath-uair. "Sé beatha, Sé beatha." Deirfeadh an té a bhí amuigh an rud céadna an tríomhadh uair, "Gaibigidh ar bhur nglúnaibh foscailigidh bhur súile agus leigigidh isteach Bríghid." Abairfeadh ceann-urraidh an toighe an fhreagar an tríomhadh h-uair. "Sé beatha na mná uaisle."Annsin thigeadh an té a bhí amuigh isteach agus an cliabh agus a rabh ann leis. Thógfadh gach duine a bhall fhéin as an cliabh agus choinneachaidhe an ball sin go cionn bliadhna. Bratach Bhrígdhe a bhéarfhaidhe ar an ball eádaigh sin agus deirfeadh siad beagal do dhuine ar bith a bhéadh bratach Bhríghde ar go mbainfeadh taimse do na go dtiocfadh tubaiste ar. Nuair a bhéadh an t-éadach as an cliabh gníodh siad crasógaí ar na feagaibh agus an chochan scaithte. Lá ar na nóirthear chuirfeadh uisge coisrioctha ar na crasógaibh agus chuirfidhe ceann aca a n-áirde ins na creataibh agus i ngach seomra san teach agus le na chois sin chuirfidhe ceann(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Nic na Midhe
- Gender
- Female