School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 533

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 533

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 533
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann am amháin agus bhí triúr mic aige. Bhí sé iongantach aosta.

    Sean Sgéal.
    Bhí fear ann am amháin agus bhí triúr mic aige. Bhí sé iongantach aosta. Nuair a bhí sé ag fághail bháis sgairt sé ar na mic agus rann sé achan rud ortha. Diarr sé ar an mac ba óige a cóta a thabhair chuige. Bhí trí leith-pighne in a phóca. Thug sé leith-phighinn do gach fear acu. Níor rann sé na caoraigh ar chor ar bith. Ní rabh bainnt ar bith acha leis na caoraigh annsin. Lá (f) amháin tháinig fear thart agus d’iafruigh sé do na fir cé aca ba leis na caoraigh. Dubhairt siad nar fhág an t-athair ag duine ar bith iad. Dubhairt an fear. Roinnfidh mise eadar an triúr agaibh iad. Maith go leor arsa na gasraí. D’fiafruigh sé don chéad gasúr cé aca a bfhearr ag obair. Dubhairt an chead gasúr go rabh seisean maith ag obair go dtiocfadh leis ceann a chur ar caisleán in uair a chluig. Dubhairt an dara gasúr go rabh seisean go maith ag obair go dtiocfadh leis an méid fainleógaí ar an domhain a chruinniughadh in uair a chluig agus iad a chuir isteach in a sgiobal gan ceann ar bith agus iad a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic Ghloinn
    Gender
    Female