School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 499
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lucht Siubhail.Ba gnáthach le cuid mhór lucht siubhal a bheith ag dul thart fadó. Bhí fear amháin dul thart darbh ainm Seaghan an t-Suiche. Nuair a gheobhadh sé tae na preátaí i dteach ar bith bhéadh sé ag léimnigh aníos agus síos an t-urlár agus suas ar na ballaí go dtí go mbéadh an tae ólta aige. Deirfeadh sé go rachadh an (tae) tarán síos níos féarr nuair a bheadh sé mar seo. Bhí fear eile ann darbh ainm Seaghán na mBuidéal. Bhí mála leis lán buideál i gcomhnuidhe. Nuair a tcífeadh sé duine ar bith ag teacht bhainfeadh sé de an mála agus thoiseóchadh sé ag cráthadh na mbuidéal agus riteadh sé indhiaidh duine ar bith a bhéadh eagla ortha roimhe. Bhí eagla ar achan nduine roimhe.
- Collector
- Caitlín Nic Ghloinn
- Gender
- Female