School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 488
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí fear in a chomhnuidhe ar an Ghlaisigh am amháin agus chuaidh sé go dtí an tSrath-Bán.”
Sean Sgéal.Bhí fear in a chomhnuidhe ar an Ghlaisigh am amháin agus chuaidh sé go dtí an tSrath-Bán Ní rabh airgead go leór aige le theacht na bhaile ar an traen. Dubhairt sé leis fhéin go ndéanfadh seisean cleas. Chuaidh sé isteach i (dtraen) dteach taibrinne agus díarr sé loistín. Fuair sé loistín. Bhí sé in a shuidhe sa chistinnigh agus é go h-uaigneach. Tháinig fear an t-siopa isteach. Dubhairt an fear a bhí astoigh leis. Nach h-uaigneach an áit é seo.
Níl greann ar bith ann. Níl maise arsa an fear an t-siopa. Creidim go rabh tusa cleachtuighthe le greann. Dubh an fear eile go rabh, “Tá greasuidhe beag amuigh annseo agus bheurfaidh mé isteach é arsa fear an t-siopa Chuaidh sé amach agus thug sé isteach an greasuidhe agus d’imthigh sé fhéin amach aríst. Chuaidh an fear a bhí astoigh sa cistinnigh amach un t-siopa fá choinne dhá ghloinne d’en uisge-bheatha a b’fhéarr a bhí sa t-siopa. Fuair sé sin. Thug sé cheann aca don ghreasuidhe agus d’ól sé an ceann eile é fhéin. Bhí siad ag comhrádh tamall“. D’fhiafruigh an fear eile d’on ghreasuidhe ar mhaith leis púnta a shaothrughadh(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic Ghloinn
- Gender
- Female