School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 471

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 471

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 471
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósaidhthe.
    Ba gnáth leis na daoine pósadh fadó roimh an Chorgas. Ba ghnáth leobhtha bainéis mór a bheith aca. Ba ghnáth leis an lánamhain a gcuid comarsanaí a iarraidh go teach na bainse. An lá a bpósaidhe an lánamhain rachadh na daoine a bhéadh iarraiste na bainse rachadh siad uilig ann a bpéireannaí go teach an phobal agus bhéadh fidlear ag seinm rompa go teach an phobal, agus ag teacht arais dóbhtha bhéadh sé ag seinm arais. Oidhche na bainse ba ghnáth leobhtha teine a bheith taobh amuigh d’en teach agus iad ag bruith feól agus préataí annseo. Na daoine a bhéadh astoigh bhéadh siad ag ól agus ag damhsa agus ag dul a chéol agus ag mairsteán an saoghal úr don lánamhain. An duine bhéadh gabhail a ól an biotáilte deireadh sé. Seo sláinte do a bhfuil annseo le cois an méid daoine atá thart fan tábla gan ag déanamh dearmad den lánamhain óg agus pósfaidh mise comh gasta agus thig liom. An Domhnach i ndiaidh an lánamhain a phósadh rachadh na daoine céadna amach na bpéireannaí arais. Ag teacht na bhaile on Aifreann dóbhtha chruinniughadh siad ó na fir a bhí ag an bhainéis agus rachadh siad go teach leanna. Cheannóchadh siad uisge beatha annseo agus bhéarfadh siad go teach duine da gcuid daoine muinnteardha agus d’ólfadh siad agus cheólfadh siad annsin go Maidin. Annsin rachadh siad na bhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic Ghloinn
    Gender
    Female