School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 464

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 464

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 464
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí bean as Connacht ag cleiteáil lá amháin agus í ag siubhal ar an bhealach mhór.

    (continued from previous page)
    agus ins an deireadh dubhairt sé. “A bhean mhaith chaill tú do “chliú”. Ní rabh an focal ceartlann aige. Thionntuigh an bhean thart agus d’fhiafruigh sí do caidé bhí sé ag rádh. Dubhairt an fear arais “Chaill tú do chliú. Chrom an bhean ar na clocha. Thosuigh an fear ag rathaidh agus níor stad sé go rabh sé sa bhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seanscéal

    Bhí fear ann am amháin dar b'ainm Mícheál Sheamuis Éamoinn. Oidhche amháin bhí brionglóid aige go rachadh sé go Sasann, agus go bhfuigheadh sé cisde ór ar Dhroichead Lonndun.

    Sean Sgéal.
    Bhí fear ann am amháin dar b’ainm Mícheál Sheamus Éamoinn. Oidhche amháin bhí brionglóid aige go rachadh sé go Sasann, agus go bhfuigheadh sé cisde ór ar dhroicheadh Lonndun. Chruinnigh sé an méid airgid a bhí aige, agus d’imthigh sé go Sasann agus chuaidh sé fhad le droichead Lonndun. D’fan sé ar an droichead go dtí an oidhche ach ní bhfuar sé cisde ar bith. Lá ar na bhárach tháinig sé arais agus chaith sé an lá ar an dóigh céadna. Sa deireadh nuair a bhí thaibhre seachtmhain caithte aige ar an droichead. Lá amháin tháinig fear chuige agus d’fiafruigh sé do caidé bhí sé ag déanamh ar an droichead achan lá. Dubhairt Mícheál leis go rabh brionnglóid aige go bhfuigheadh sé cisde ar an droichead. Is maol an fear thú a arsa an duine eile. Is Éireannach mise, agus bhí brionglóid agam dá mbéinn sa bhaile i n-Éirinn go bhfuighinn ciosda i lios ag bun crann tromainn. Smaointigh Mícheál annsin go rabh lios sa bhaile agus crann tromainn ag fás ar. Dimthigh sé annsin agus nuair a tháinig sé na bhaile ba é an chéad rud
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Nic Gloinn
    Gender
    Female