School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 459

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 459
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann aon uair amháin. Tugadh na cúirte é cionnus gur ghoid sé rud eiginteacht.

    Sean Sgéal.
    Bhí fear ann aon uair amháin. Tugadh na cúirte é cionnus gur ghoid sé rud eiginteacht. Bhí dlighadeoir aige. Dubhairt sé leis “Nuair a rachas tú isteach, agus nuair a labharfas an breitheamh leat toisigh ag feadalaigh. “Nuair a chuaidh sé isteach chuir an breitheamh ceist air thosuigh sé ag feadalaigh, agus rinne sé sin le achan nduine. Diarr an breitheamh ar a ghabháil na bhaile nó nach rabh sé i gceart. Tháinig an fear amach. Bhí an dlighadeoir amuigh fosta. Dubhairt sé leis anois leig mise saor thú agus tá gíní a dhith orm. Thosuigh an fear ag feadalaigh. Ó a deir an dlighadeoir. “Níor shíl mé go rabh tú comh críonna sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1585: The Lawyer's Mad Client
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic Fhloinn
    Gender
    Female
  2. Seanscéal

    bhí gasúr beag dar b'ainm Séarlas. Ba ghnáth leis a bheith amuigh go mall achan oidhche.

    Sean Sgéal.
    Bhí gasúr beag dar b’ainm Séarlas. Ba ghnáth leis a bheith amuigh go mall achan oidhche. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag teacht trasna na-h-abhna chonnaic sé an bhean roimhe. Labhar sí leis agus arsa sise, “Bí ag Carraig-na-Rón ins an oidhche a mbárach. Ar maidin lá ar na bhárach chuaidh Séarlas ag an tsagart agus d’innis an sgéal do. Thug an sagart bonn do. “Sé an sean-bhoc a bhí ann arsa an sagart. An oidhche sin chuaidh sé go dtí na carraige amach as a choinne chonnaic sé an fear dubh. Chonnaic se an ruball agus na crúba agus bhí fhios aige gur an diabhal a bhí ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.