School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 455

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 455

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 455
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag anChlochan ag tarraingt ar na Gleanntaí. Bhí Éibhlín ag an Chlochan an lá ceadhna agus chuaidh sí isteach sa traen. Tháinig an fear a bhí le posádh amach ag na Gleanntaí agus tháinig Éibhlín amach fosta. Lean sí é go teach an phobal, agus nuair a bhí an lánamhain pósta, lean Éibhlín iad go teach osta agus thug lucht na bainse neart le h-ól duithe. Annsin lean sí iad go teach na bainse agus thug siad neart le h-ithe agus le h-ól duithe annsin. D’fán sí acu go maidín ag troid agus ag cainnt, nuair a bhí lucht na bainse ag imteacht ar maidín d’imthigh Éibhlín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seanscéal

    Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aici. Ní leigfeadh an mháthair d'on cailín rud ar bith a dhéanamh.

    Sean - Sgéal.
    Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aici. Ní leigfeadh an mháthair d’on cailín rud ar bith a dhéanamh. Nuair a bhí an mháthair ag éirigh sean ní raibh sí ábalta an obair uilig a dhéanamh agus thoisigh sí ag iarraidh uirthí cuidiughadh leithí an obair a dhéanamh. Ní dhéanfadh an inghean obair ar bith duithí. Lá amháin thug an mháthair bualadh maith duithe. Thoisigh an cailín ag caoineadh bhí mac an Rí ag gabhail an bhealaigh agus nuair a mhothuigh sé an cailín ag caoineadh tháinig sé chun toighe, agus d’fhiafruigh sé ca tuige a rabh an cailín ag caoineadh. Dubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Nic Ghloinn
    Gender
    Female