School: Baile Ciaragain (roll number 13127)
- Location:
- Baile Uí Chiaragáin, Co. Donegal
- Teacher: Cáitlín, Bean Mhic Fhionntaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Ciaragain
- XML Page 353
- XML “Tomhaiseannaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Caidhe chuireann tú i mbarraile le é a dhéanamh níos éadtroma?
Freagra - Poll
(2) Rith mé, agus fuair mé é, cuartuigh mé, agus ní fuair mé é, da bhfágainn é, ní tabharfainn liom é, agus nuair nach bfuair mé é thug mé liom e. Frg - Dealg.
(3) Téidheann se anonn ar sudar thug se anall ar sudar, agus líonam se a bholg a sudar.
Frg. - duine af sníomh, eiteán, snáth.
(4) Giarrfhiadh eadar dhá gleann, nuair a bhogfais an giarrfhiadh bogfaidh an dá gleann Frg - Asal agus dá cliabh air.
(5) Molt iarann, agus rubhall olna as. Frg. - Snáthaidh deisiú, agus snáth.
(6) An bhfaca tusa rud ar bith dar bfhaca Dia Frg - Chan fhaca Dia a leithide féin ariamh; chonnaic mise mó leithide fhein.- Informant
- Pádraig Ua Cnámhsaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Chiaragáin, Co. Donegal