School: Baile Ciaragain (roll number 13127)

Location:
Baile Uí Chiaragáin, Co. Donegal
Teacher:
Cáitlín, Bean Mhic Fhionntaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 339

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 339

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Ciaragain
  2. XML Page 339
  3. XML “Tobar na nAingeal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobhar beannuighthe i ceanntar Tóin Dubh cómhgarach do scoil Bailechiaragain. Tá sé ins an pháirc atá ar chúl teach Páidí Mícil. Deirtear go bhfuil léigheas san uisge an tobhar sin, agus tá sé fíor go leór. Cúpla bliadhain ó shoin, bhí bean bhocht, agus ní rabh sí abálta siubhal. Ar an lá roimh Bealtaine, d'iompruigh a fear í go dtí an tobhar, agus dúirt sé go mbeadh sé arais fa na coinne ins an tráthnóna. Acht nuair a bhí sé ag dul annsin, cé cásadh air acht a bhean, agus bhí sí abálta siubhal comh maith is bhí sí ariamh. An fáth go bhfuil an tobhar annsin ar chor ar bith no i n-am na Dligthe Peannaideacha, nuair a bhí cúig punt suas ar son cionn sagart, bhí sgáifte saigdiúirí indiaidh sagart. Bhí an sagart bocht tuirse indiaidh bhéith ag rith ó maidin. Nuair a tháinigh na saighdiúirí fhad do chonnaic siad solas tart fa dtaobh do, agus bhí sgáifte áingeal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Cnámhsaigh
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile Uí Chiaragáin, Co. Donegal