School: Caiseal (2)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 18
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa bhliadhain 1847 luigh an droch-shaoghal go trom ar an ceanntar seo. Bhí a dhá oiread daoine ann roimhe sin ná tá anois. Lóbh na préataí ins an talamh agus cha rabh biadh ar bith ag na daoine. Bíodh siad ag ithe turnaipí agus cábaiste.Bhí bean ina comhnuidhe i Ros Guill agus nuair a bhí na préataí gann rachadh sí suas achan maidin go Carraig Airt fa choinne cupla sceden préataí a bhí fágtha ins an cuibhreann nuair a bhí na préataí eile bainte chun a cuid páistí a choinneáil beo.Bhí fear ag déanamh bráchain thiar ag Baile Úi Thighearnain agus bheireadh sé amach do na daoine é. Bhí fear eile i nGleann Lois ag déanamh bráchain fosta.Bhí na preataí gann mórán bliadhanta indiaidh sin. Cha rabh mórán bidh ag na daoine mar lóbh na préataí agus tháinig an meath ortha.(continues on next page)
- Collector
- Sighle Nic Ghiolla Cheara
- Gender
- Female
- Informant
- Sean Mac Ghiolla Cheara
- Gender
- Male
- Age
- 94