School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann aon uair amháín darbh ainm dó Mícheal Coradáín. Bhí sé i dteach Aodha Uí Shiadail ar feadh trí lá agus rinne sé trí oidhche ceoil agus damhsa.Lá amháín bhí sé ag teacht thart le abhann agus thuit sé isteach agus chuaidh sé síos go tóin, agus bhí sé cómhair a bheith baithte. Nuair a tháínig sé amach dubhairt sé "dá mbéadh céad abann ann rachad Mícheál to tóin." Chá rabh a dháth maith do thuine ar bith labhairt leis no cheapaidh sé achan n-duine.Bhí fear eile annsin darbh ainm dó John Love. Bhí sé na chómhnuidhe i dteach darbh ainm do "An Bhinn (?) Liath;" fuair sé preataí bruithe ar a shuipear agus nuair a bhí said ithte aca dfiafruigh siad dó John caidé mar thaitean na preataí bruithe leis. Dubhairt seisean gur mhaith iad leis nuair a bhíodh siad ithte aige.Bhí fear eile ann darbh anim dó Brian Buidhe na -uibh agus dá dtabradh déirce dó chá glacadh (?) sé é mur bfuigheadh sé oidhche lóistin. Oidhche amháin bhi sé ar lóistin i dteach i mBaile Thaobh Rúsgaidh agus chur sé lamh Shéáin Pheadair san(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Shiadhail
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Donegal
- Informant
- Diarmuid Ó Siadhail
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Donegal