School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ag dhul thart am amháín darbh ainm do "Jimmy Duffy" nó "Jimmy an Laddie" a bhí mar leas-ainm air. Bhí sé ag chur i gcéill do na daoine go rabh sé an-chneasta; bhíodh sé ag taisbeanadh na h-aingle ar an Chonair Mhuire agus bhíodh sé ag leigint air fhéin go bhfacaidh sé iad ag urnaighthe agus ag guidhe.Oidhche amháin bhí sé ag fanacht i dtoigh Franncie Bháin. Bhí cuid mhór buachaillí óga istoigh. Thoisigh "Jimmy" ag taisbeanadh na h-aingle do buachaill darbh ainm do Peadar Mór. Bhíodh Peadar i gcomhnuidhe ag piocaidh air "Jimmy" agus dubhairt sé le diabhluigheacht air, nach bhfacaidh sé na h-aingle ar chor ar bith nó nach rabh a léitheadh ann ar chor ar bith. "Glóire Dé agus na h-aingle," arsa "Jimmy" chá dtarraimhm arais 'un toighe seo níos mó, ní'l creideamh ar bith agaibh agus chá chreideann sibh i nDia nó i Muire." Níor léigh aon duine ortha fhéin gur cualaidh siad dadadh dar dhubhairt "Jimmy." Chuaidh sé a luighe. Comh luath agus fosgluigheadh an doras ar maidín an lá thar na bhárach dimthigh "Jimmy" agus níor phill sé arais ar theach Franncie Báin níos mó.(continues on next page)
- Collector
- Tréasa Ní Fhrighil
- Gender
- Female
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal
- Informant
- Seamús Ó Fríghil
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal