School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 520

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 520

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 520
  3. XML “Lucht Siúil a Bhíodh ann sular Rugadh mise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Micheal Chordáín bhiodh sé ag dul thart breis a's caogadh bliadhain ó shóin. Ní rabh fhios ag an nduine cé's a dtainig sé. Thiocfadh leis dán a dheanamh ar an bhomaite agus é 'na sheasamh ar an urlár.
    Paddy-Wan-Tune: cha rabh aige a port amháín. Bhíodh sé ag fanacht i dtoigh Dhomhnaill Mhic Ghiolla Cheara i mBaile Úi Uidhrin. Oidhche amháín bhí Domhnall ag tabhairt isteach an t-sean-mhuc a bhí tinn isteach 'un togihe agus d'iarr sé ar Phadraig imtheacht nó níosfadh an mhuc é. Dubhairt Padraig, "is truagh liom nar ith sean-mhuc mé dhá fhiceadh bliadhain ó shoin." Pádraig Mac Lochlainn an t-ainm cheart a bhí air.
    John Higgarty: bhíodh seisean i gcomhnuidhe ag ceoil ins na tighthibh.
    An Kenny; b'as Co. na Gaillimhe ise. Bhiodh sí ag dul thart agus bhí sí rud beag as a meabhair; shil sí i gcomnuidhe go rabh daoine eighinteacht ag teacht le i a thabhairt leobtha.
    Christy Noble: bhiodh sé ag dul thart le asal agus carr ag cruinnuighadh sean-bhratógaí agus fionnaidhe agus ag díol eadaigh leath-chaithte agus soithigh criadha.
    Willie Noble:
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Ghiolla Cheara
    Gender
    Female
    Informant
    Sean Mac Ghiolla Cheara
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir