School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 463

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 463

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 463
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sagart ag léigheamh Aifrinn shíos ar chnoc Bhaile Thaobh Rúsgaidh agus bhí slaugh mór daoine i láthair ag an Aifreann. Tháínig sgaifte saighdiúirí i ngan fhios ortha nuair a bhí siad i lár an Aifrinn, agus mharbhuigh siad gach duine aca ach triúr. D'imthigh an triúr sin bealach na fairrge ach fuarthas greim ortha agus marbhuigheadh iad. Crochadh duine aca ar rifle el na cheann shíos agus fuair sé bás indiaidh cupla uair. Ní bhfuair an áit sin ainm ar bith ó'n lá sin go dtí an lá indiu ach "Sgoilt an Duine."
    Fiche bliadhain ó shoin nuair a bhí na daoine ag deánamh bóthar faoi chnoc Bhaile Thaobh Rúsgaidh fuair cuid aca cupla cloigeann duine, agus tá na daoine de'n bharmhail gurb' iad claighne na ndaoine a marbhadh ar an cnoc sa tsean am.
    Ba ghnáthach le sagart Aifreann a léigheamh síos ar an Mheall Ghorm ar bhaile na Rinne Bhuidhe. Gleann atá ann agus tá cloch mhór fhada ann san áit a bhí an Altóir. Ní tháinig na saighdiúirí ortha am ar bith agus bhí Aifreann ar shiubhail ann ar feadh bliadhanta.
    Tá áit thall i gCeann Droma dá ngairmtear "Lag an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáitlín Ní Shiadhail
    Gender
    Female
    Address
    Rapa, Co. Donegal
    Informant
    Pheinéil Ó Siadhail
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tulaigh na Dála, Co. Donegal