School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 455

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 455

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 455
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó lá bliadhna Úire go dtí an Corgas an t-am is mo a phósann na daoine.
    Tamall maith ó shoin ba ghnatach leo na cailíní a ghuid nó a fhuadach.
    Bhí tighearna talaimh i mBaile Thaobh Rúsgaidh am amháín agus thug sé ar chupla fear dul siar go Ramhras agus cailín deas a bhí ina comhnuidhe annsin a fhuadach do.
    Nuair a thainig fhad leis an teach ní rabh an cailín le feiceal agus cha rabh fhios aca caidé a b'fearr dobhtha a dheanamh. Chuir siad cnó na lachan ar theinidh mar go rabh fhios aca go dtiocfadh an cailín amach nuair a thchifeadh sí an teine. Nuair a tháínig sí amach fuair siad greim uirthí agus thug leobhtha í agus pósadh iad. Richard Williamson a bhí ar an tigearna talaimh.
    Bhí teach osta ag fear darbh ainm do Seamus Mac Ghiolla Bhrighde i mBaile Úi Thighearnáín agus chuaidh siad isteach. D'fhiafruigh Seamús dobhtha caidé bhí a dhith ortha, dubhairt Sean Ruadh fear de lucht an fhuadaigh , "Galún," arsa seisean.
    Roise Nic Giolla Cheara, Gleann Eois
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Roise Nic Giolla Cheara
    Gender
    Female
    Informant
    Sean Mac Ghiolla Ceara
    Gender
    Male
    Age
    93
    Occupation
    Feirmeoir