Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 428
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i nDumhnach Mhór aon uair amháín darbh' ainm do Mícheál Ó Siadhail. Bhí sé ag dul go h-Alban; agus cha rabh aige acht dhá phúnt; nuair a chuaidh sé fhad le Ráth Mhaoláin bhí cleasa lúth 'ar siubhal ann. Dfhág (?) sé ag na cleasa lúth ar feadh tamaill.Bhí trí blancanna amaid le tóghail ag cupla duine; thóg seisean na trí plancanna agus fuair sé seacht bpúnt as. Bhí léim ád ann fósta agus bhain sé é, fuair sé trí phúint; ba é a bhain de rasaí uile a bhí ann. Bhí dhá dhá phúnt dhéag de (?) airgead leis as as Ráth Maoláín go h-Albain annsin. h-Enrí Ó Siadhail bhí sé ráidhte gurbh an fear a bhfearr a bhí in Iochtar Fhánad agus ins an Condae fósta. Bhí cuid de mhuinntir Thoraigh a dul amach ag long a bhí ag dul go Merica agus ach go bé eisean ca dtiocfad sí go talamh a choidhche.Domhnall Ó Siadhail ba é an fear a bfearr a bhí ag damhsa agus ag ceol san áit. Bhí sé thall ag damhsa a (?) bhí i gCarraig Airt agus thug sé an Swea anall leis agus le na chois sin chúig galuin póitín.Thosaig dhá fhear am amháin ag baint coirce. Nuair a bhí leath an lae caithte thosaigh fear ag bhaint le corrain(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shiadhail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Donegal